School: Baile Chláir na Gaillimhe (C)
- Location:
- Baile Chláir, Co. Galway
- Teacher: Eibhlín Bean Mhic Suibhne
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)bhfáinne beidh sí pósta sul a mbíonn an bhliadhain thart. Má chuireann sí a lámh ins an uisce glan beidh sí beo slán ag teacht na Samhna áth-bhliahain. Má chuireann sí a lámh ins an uisce salach beidh sí marbh sul a mbeidh an bhliadhain caite.
4. Gheobhann cailín blogam uisce agus téigheann sí go teach comursan. Cuireann sí a clúas le poll na heocrach go gcluinfidh sí na daoine ag cainnt. An chéad ainm fir a chluinfidh sé sin an fear phosfar í.
5. Cuireann cailín cloigeann cabáiste ar crochadh ós cionn an dorais Oidhche Shamhna am codalta na h-oidhche go maidin. An chéad fhear a thiochfas isteach sin é an fear a phósfar í.
6. Cuirean daoine dhá chnó 'ghá ndóigheadh sa teine agus tosnuigheann siad ag damhsa mar gheal ar theas na teine agus má thagann an dá chnó le chéile pósfar an buachaill agus an cailín sin. Má sgarann siad ó na chéile. Ní bheidh fíor ghrádh ar bith eadtorra.
7. Baineann daoine naoi bpíopaí den ursain agus cuireann siad faoí na gcluais dheas(continues on next page)- Informant
- Máirtín Mac Giollarnáith
- Gender
- Male
- Age
- c. 60
- Informant
- Peadar Ó Móráin
- Gender
- Male
- Age
- c. 65