Scoil: Baile Chláir na Gaillimhe (C)
- Suíomh:
- Baile Chláir, Co. na Gaillimhe
- Múinteoir: Eibhlín Bean Mhic Suibhne
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)bhfáinne beidh sí pósta sul a mbíonn an bhliadhain thart. Má chuireann sí a lámh ins an uisce glan beidh sí beo slán ag teacht na Samhna áth-bhliahain. Má chuireann sí a lámh ins an uisce salach beidh sí marbh sul a mbeidh an bhliadhain caite.
4. Gheobhann cailín blogam uisce agus téigheann sí go teach comursan. Cuireann sí a clúas le poll na heocrach go gcluinfidh sí na daoine ag cainnt. An chéad ainm fir a chluinfidh sé sin an fear phosfar í.
5. Cuireann cailín cloigeann cabáiste ar crochadh ós cionn an dorais Oidhche Shamhna am codalta na h-oidhche go maidin. An chéad fhear a thiochfas isteach sin é an fear a phósfar í.
6. Cuirean daoine dhá chnó 'ghá ndóigheadh sa teine agus tosnuigheann siad ag damhsa mar gheal ar theas na teine agus má thagann an dá chnó le chéile pósfar an buachaill agus an cailín sin. Má sgarann siad ó na chéile. Ní bheidh fíor ghrádh ar bith eadtorra.
7. Baineann daoine naoi bpíopaí den ursain agus cuireann siad faoí na gcluais dheas(leanann ar an chéad leathanach eile)- Faisnéiseoir
- Máirtín Mac Giollarnáith
- Inscne
- Fireann
- Aois
- c. 60
- Faisnéiseoir
- Peadar Ó Móráin
- Inscne
- Fireann
- Aois
- c. 65