School: Baile Chláir na Gaillimhe (C)
- Location:
- Baile Chláir, Co. Galway
- Teacher: Eibhlín Bean Mhic Suibhne
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)agus an lá in a dhiaidh sin arís tharraing sé amach a chapall agus a chóiste, leag sé beart slat agus cúpla ciseán isteach ins an gcóiste. D'imthigh leis go dtáinigh sé go dtí an gabha. "Anois" ars seisean leis an ngabha "tá ceird agam thar talamhaidheacht. Rug sé ar na slata agus rinne sé cúpla ciseán ós cómhair an ghabhann "Tá do cheird agat" ars an gabha, agus thug sé a inghean dó le pósadh. Nuair a bhí siad cúpla mí pósta dubhairt máthair an fhir leis go mba ceart dó a bhean a thabhairt thar sáile cúpla bliadhain ionn[us?] go bh'fóghluimheóchadh sí le dinnéir agus béalighthí a leagan anuas go galánta ag a chuid searbhónta[í] nuair a bheadh siad ag obair aige. Faoi cheann tamaill in a dhiaidh sin d'imthigh an bheirt agus chuaidh siad ar bhord luinge. Thóig an caiptín an long an-spéis ins an mbean agus chaith sé an fear amach ar oileán uaigneach nach raibh blas ag fás ann acht sgeacha agus driseacha. D'fhan sé sé nó seacht de bhliadhanta ar an oileán uaigneach sin agus gan blas le n-ithe ná le n-ól aige acht sméara agus uisge na fairrge. An faidh is bhí sé ar an oileán bhí sé ag déanamh ciseán. An lá seo chuaidh long thart thug siad faoi dear[a] an fear istigh ar an oileán. Dubhairt an caiptín go raibh an fear sin annsin le fada an lá. Bhuail siad isteach agus thóig(continues on next page)
- Informant
- Bhailentín Ó Dhubhagáin
- Gender
- Male
- Age
- c. 66
- Address
- An Móinteach Thuaidh, Co. Galway