School: Baile Chláir na Gaillimhe (C)
- Location:
- Baile Chláir, Co. Galway
- Teacher: Eibhlín Bean Mhic Suibhne
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)siad an fear ar bhord luinge agus thugadar leo an méid ciseán a bhí déanta aige. Thug siad go Americeá é agus chuaidh sé ag díol na gciseán ins na bailte móra. Chonnaic a bhean lá é, ghlaoidh sí air agus d'aithnigh sí é. Cheannuigh sí ciseán uaidh agus cheannuigh sí culaith éadaigh dhó agus ghléas sí suas é. Thug sí cuireadh de chaiptiní annsin lá. Agus nuair a bhí siad súghach sáthach de gach cineál, chuir sé an cheist seo orra. Cé'n breitheamhnas a thiubhradh siad ar fhear a bhainfeadh a bhean de fhear eile? Sé an caiptín a bhain í féin dá fear a labhair i dtosach agus dubhairt sé gurbh é an breitheamhnas a thiubhradh sé féin ar bhfear a dhéanfadh sin, é a chuir síos i mbairrle tearra agus teine a thabhairt de'n bhairrle. "Is tusa an fear a rinne sin" ars an bhean "agus deanfar an rud a dubhairt tú anois leat féin.
- Informant
- Bhailentín Ó Dhubhagáin
- Gender
- Male
- Age
- c. 66
- Address
- An Móinteach Thuaidh, Co. Galway