School: Baile Chláir na Gaillimhe (C)
- Location:
- Baile Chláir, Co. Galway
- Teacher: Eibhlín Bean Mhic Suibhne
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Fear a ghoid muc.Bhí fear ann fadó, agus ghoid sé muc ó na chómhar[sa]n. Cupla lá in a dhiaidh sin chuaidh na gárdaí thart a[r] fud an bhaile ag tóruigheacht an fhir a ghoid an mhuc. Bhí an-fhaitchíos ar an bhfear go bhfuighthí amach air (an) é. Isteach leis go dtí táilliúr an bhaile agus d'innis sé a sgéal dhó. "Tabhair annse[o] an mhuc cugamsa" ars an táiliúr, "agus creid mis[e] dhuit gur gearr a bheas mise dhá chuir i bhfolach ins an áit nach bhfuighidh aon ghárda i." D'imthigh an fear agus ba ghearr go raibh sé ar fághail arís agus an mhuc marbh aige. Chuir an táiliúr síos i dhtubán í agus chuir sé clár ós a cionn ar an tubán agus shuidhe sé suas ar an tubán. Bha gearr in a dhiaidh sin go dtáinigh na gárdaí isteach go dtí an táilliúr. Chuireadar "Bail Ó Dhia" air agus d'fifhru[igh] siad do cén chaoi a raibh sé. "Tá mé ar mhuin na muice dá mbeadh an iorball in mo láimh agam," ars an táilliúr. Cuartuigheadar an teach acht ní bhfuaireadar blas, agus d'imthigh siad leobhtha arís. Thóig an táilliúr aníos an mhuic annsin agus thug sé don fhear í. Thug an fear píosa den mhuic do le n-aghaidh cuir síos do féin agus bí sé an-bhuidheach dé de bhárr an gníomh a rinne sé dhó féin.
- Informant
- Bhailentín Ó Dubhagáin
- Gender
- Male
- Age
- c. 66
- Address
- An Móinteach Thuaidh, Co. Galway