School: Baile Chláir na Gaillimhe (Buachaillí)
- Location:
- Baile Chláir, Co. Galway
- Teacher: Tomás Ó Conchobhair
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)An Coinín. Chonnaic mé an coinín go minic. Dath donn a bhíos orr go h-iondamhail. Níl siad comh mór le girrfhiadh. Comhnuigheann siad i mbruchais faoi'n talamh. Itheann an coinín turnaipí agus clobhar. Bíonn daoine gá bhfiadhach le madraibh.
An Easóg
Chonnaic me an easóg go minic. Comhnuigheann sí i gclaideachaibh agus i mútaibh. Bíonn nead aici ann. Marbhuigheann sí luchain agus franncaigh agus coiníní. Tá sgéal ann ag rádh go raibh easóg agus franncach ag troid lá agus bhí an franncach ag fághailt buaidhe ar an easóg nuair a chonnaic fear iad agus gur marbhuigh sé an franncach. Nuair a bhí an franncach ag fagháilt báis rug sé greim coise ar an bhfear agus do cuir sé leis an gcois agus leigheasadh í.
An Firéad.
Chonnaic me an firéad go minic. Dath bán a bhíos orra. Coinnightear iad le coiníní a chur amach as a mbruchais. Ólann an firéad bainne. Dá dtiubhrfhá bainne do fhiréad agus go bhfágfadh sé cuid de ina dhiaidh deirtear go bhfuil sé go maith le g-aghiadh an triuch.(continues on next page)