Scoil: Baile Chláir na Gaillimhe (Buachaillí)
- Suíomh:
- Baile Chláir, Co. Galway
- Múinteoir: Tomás Ó Conchobhair
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)An mada uisge.
Bíonn an mada uisge faoi'n uisge i gcomhnuidhe. Is ainmhidhe an-olc é. Dá mbéarfadh sé ar chois ort ní leigfeadh sé amach í go mbrisdidhe an cnámh. Tá na madraí uisge ag éirighe an-ghann. Deir mó athair nach mbogfadh siad greim coise mó láimh ar duine nó nach leigfeadh siad amach é nó go gcloisfeadh siad an dnámh dá bhriseadh.
An ghráinneóg.
Tá na gráinneóga ag éirí an-fhairsing. Deirtear go bhfuil an ghráinneóg beannuighthe mar gur cuimil sí í féin i n-áit a raibh ubhlaí agus gur thug sí ubhall ar gach buir uirthe chuig an Mhaighdean Muire.