School: Baile Chláir na Gaillimhe (Buachaillí)
- Location:
- Baile Chláir, Co. Galway
- Teacher: Tomás Ó Conchobhair
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Cois na teine gach oidhche d'imrighidís
lúrabog, lárabog
Bí ÓNéill
Néill a' phreabáin
Preabán suarach
Suarach seic
Seic na mbréag
Bó na gcaillighe
Dia gá bhfoghluim
Fóghluim tú
Foghluim tá
Duille beag ar bhárr na coise
Agus cnap isteach an fhideóg.San nGeimhreadh cois na teine d'imrighidís go leor cluichthe le cártaíbh freisin, mar "deich fichead" agus "an t-asal" agus "an smut" agus "an bhaintreabhach" agus go leor eile aca.
Bhíodh cluiche eile aca amuigh ins na páirceannaibh. Gheibheadh siad dhá chloich bheaga agus dhá mhaide bheaga agus maide mór. Bhuailidís an maide beag leis an maide mór agus an té is fuide a chuirfeadh an maide beag mhairfeadh sé níos fuide ná na daoine eile a bheadh ag imirt leis.(Liam Ó Dubhagáin, Móinteach, do chuir síos.)- Collector
- Liam Ó Dubhagáin
- Gender
- Male
- Address
- An Móinteach Thuaidh, Co. Galway