Scoil: Baile Chláir na Gaillimhe (Buachaillí)
- Suíomh:
- Baile Chláir, Co. na Gaillimhe
- Múinteoir: Tomás Ó Conchobhair
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Cois na teine gach oidhche d'imrighidís
lúrabog, lárabog
Bí ÓNéill
Néill a' phreabáin
Preabán suarach
Suarach seic
Seic na mbréag
Bó na gcaillighe
Dia gá bhfoghluim
Fóghluim tú
Foghluim tá
Duille beag ar bhárr na coise
Agus cnap isteach an fhideóg.San nGeimhreadh cois na teine d'imrighidís go leor cluichthe le cártaíbh freisin, mar "deich fichead" agus "an t-asal" agus "an smut" agus "an bhaintreabhach" agus go leor eile aca.
Bhíodh cluiche eile aca amuigh ins na páirceannaibh. Gheibheadh siad dhá chloich bheaga agus dhá mhaide bheaga agus maide mór. Bhuailidís an maide beag leis an maide mór agus an té is fuide a chuirfeadh an maide beag mhairfeadh sé níos fuide ná na daoine eile a bheadh ag imirt leis.(Liam Ó Dubhagáin, Móinteach, do chuir síos.)- Bailitheoir
- Liam Ó Dubhagáin
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- An Móinteach Thuaidh, Co. na Gaillimhe