School: Baile Chláir na Gaillimhe (Buachaillí)
- Location:
- Baile Chláir, Co. Galway
- Teacher: Tomás Ó Conchobhair
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Baile Chláir na Gaillimhe (Buachaillí)
- XML Page 0246
- XML “Cluiche agus Caitheamh Aimsire”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- San Earrach bíonn na buachaillí ag dul thart ar lorg neadracha éan.
San Samhradh téigheann cuid de na daoine fásta ag snámh san abhainn.
Bíonn buachaillí ag fiadhach coiníní le madraibh gach Domhnach agus bíonn cuid de na daoinibh móra ag fiadhach girrfhiadhthe le conaibh.
Suim bliadhanta ó shoin bhíodh na daoine ag fiadhach girrfheaidhthe le gadhairibh beaga (Beagles), acht níl aon gadhair thart annseo anois.
San bFoghmhar bíonn na cailíní ag baint sméartha dubha agus bíonn na buachaillí ag baint cnóithe a bhíos go fairsing san áit, mar go bhfásann an coll go tiugh ar na creagreachaibh.
San nGeimhreadh déanann na buachaillí cliabháin éin de shlataibh coill nó sailleóige agus cuireann siad ins na garrdhantaibh iad le breith ar éanachaibh. Cuireann siad dris faoin gcliabhán le go searfadh an t-éan uirthe. Is air sin a tugtar an slaitín draoidheachta agus bhíonn ceann eile ar a dtugtar an slaitín bradach agus an gabhlóg. Nuair a sheasas an t-éan ar an slaitín draoidheachta léimeann an slaitín bradach as an ngabhlóig agus tuiteann an cliabhán anuas ar an éan. Annsin nuair a bhíos an t-éan istigh ann(continues on next page)- Collector
- Annraoi Ó Dubhagáin
- Gender
- Male
- Address
- An Móinteach Thuaidh, Co. Galway
- Collector
- Micheál Mac Goill
- Gender
- Male
- Address
- An Chreig Bhuí, Co. Galway