Scoil: Tamhain (uimhir rolla 15679)
- Suíomh:
- Tamhain, Co. na Gaillimhe
- Múinteoir: C. Bean Uí Thréinfhir
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- An Fáth go bhfuil an Sáile Gort.Bhí beirt fhear fado, Seán agus Pádraig. Dearbhathreacha do bhí ann. B'é Seán an fear ba sinne agus ar an adhbhar sin b'é fear a' tighe é. Fuair Pádraig a chuid as an teach agus dhein sé teach comhnuidhe timcheall míle ó theac Sheáin. Pós Seán, Máire an t-ainm a bhí ar a bhean. D'fhan an sgéal mar sin scaithimh. Seán in a react seóil agus Pádraigh ag corruigheacht leis an saoghal Bhí muirghín mór páistí ar Seán. Ach ní raibh muirghin ná tuirghin ag Pádraig ach é fhéin agus Brigidh amáin. Thosuigh Seán 'á briseadh anuas, chuile shórt 'á cailleadh air, ba, capaill is caoirigh, agus gach aon t-sórt dá raibh aige. Níor fhan finne fanna aige gan cailleadh agus bás fhághail.
Ins am [!] céadna bhí Pádraigh ag eirighe an-mhór i maoin an t-saoghail. Bhí taillte treád, is stioc agus gach aon t-sórt ar a mhaoin. Ar deire thiar ní ag Seán ach ag saothrú páighe ó Phádraig. Bhíodh sé gach lá(leanann ar an chéad leathanach eile)- Faisnéiseoir
- Michéal Ó Fathaigh
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 63
- Gairm bheatha
- Feirmeoir (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
- Seoladh
- Tamhain, Co. na Gaillimhe