School: Tamhain (roll number 15679)
- Location:
- Tawin Island, Co. Galway
- Teacher: C. Bean Uí Thréinfhir
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Tamhain
- XML Page 0326
- XML “An Cleasaí Tailliúra”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)act faoi dheire dubhairt an tailliúr go n-iomcrochadh sé ach an faoistín a éisteact ag dul treasna Chuir sé a iallach ar an sagart a faoistín a éisteact. Anois bhí an duibheachán ar gach taobh an casáin Tharraing an sagart amach an stíll Chuir fao'n a mhuinéal é. Chuir an tailliúr ar a dhruim an sagart Thosuigh air ag innseact do réir mar bhiodar ag dul treasna. Bhí an tailliúr ag innseacht dó ach nuair a bhíodar leath-bealaigh ins an áit ba doimhne a bhí an t-uisge d'innis an tailliúr do'n t-sagart gurb é a ghoid an cailleachín. "Á a thailliúr ars an sagart tá an Diabhail ort-sa" "Má tá an Diabhal orm-sa ars an taillíur ní bheidh sé i bhfad orm a cur a láimh siar agus breith ar an sagart agus á caitheadh síos go tóin an phuill mhóir. Rug sé ar an sagart annsin thíos agus tharraing sé aníos é. An maithfidh tú anois dhom ars an tailliúr go deo na ndeor ní maithfidh mé dhuit ars an sagart. Thum(continues on next page)
- Informant
- Micheál Ó Fathaigh
- Gender
- Male
- Age
- 63
- Occupation
- Feirmeoir
- Address
- Tawin Island, Co. Galway