School: Gort na Léime (roll number 13012)
- Location:
- Gortaleam, Co. Galway
- Teacher: Liam Ó Ceallaigh
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Gort na Léime
- XML Page 0298
- XML “Leigheasanna Áirithe”
- XML “Leigheasanna”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- lá bealtaine:- ní cuirtí amach an luaith an lá seo. Ní bhéarfadh duine bainne na ball acair ar bith uaidhe.
Ní bhéarfadh bean-a-tíghe bainne uaithi, ní eireóchadh sí go moch le faithchíos go bhfeicfeadh duine ar bith deatach as an teach go moch, agus go ndéarfadh "im leat a dheataigh. Chreid sí go mbead an t-im imthighthe uaithi dá ndéirfeadh duine ar bith na focla sin maidin lae bhealtaine. Bhíofh túbháille amuigh oidhche bealtaine ag na cailíní óga faoin druachta. Nigheadh siad a n-éadan leis lá bealtaine. Chuinneóchadh sin dógh-gréine uatha ar feadh an t-Samhraidh.- Collector
- P. Pléimeann
- Gender
- Male
- Address
- Woodfield, Co. Galway
- Informant
- Miceál Ó Branáin
- Gender
- Male
- Address
- Lisheennaheltia, Co. Galway
- Nuair a dheanfadh duine a chos a leonadh ba cheart e thabhairt isteach, agus é fhágáil ina luighe ar an urlár. Ba cheart annsin iarracht a dheanamh an chos gortuighthe a tharraingt agus le gach iarracht, ba cheart a rádh "leonas gorthúgadh," agus ba cheart an t-iarracht a dheanamh naoí n-uaire."