School: Crois Bhóthar
- Location:
- Pollacorragune, Co. Galway
- Teacher: Eibhlín Ní Bhreitheamhan
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Crois Bhóthar
- XML Page 0114
- XML “Leigheasanna”
- XML “Leigheasanna”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)agus an rann seo a rádh
"Uisge cloiche gan iarraidh,
Ní ag iarraidh a tháinig mé,
Ach ag iarraidh na fairtniú a bhaint díom."
Tá leigheas eile ortha freisin píosa páipéir agus a hocht nó a naoi trathníní a fhágail aagus na fairthniú a gcearradh agus na traitíní a thomadh san bhfuil agus iad a chur trúd an bpáipéar agus é a chaitheamh ar bealach eicínt a mbíonn a lá daoine ag dul. Duine ar bith a thógfadh é gheobhfadh sé na fairthniú.
Fuair mé an sgéal seo fé na leigheasanna seo ó mo shean-athair - Micheál Ó Lurgáin, cluan Caoithigh, ceithre míle ar an taobh ó thuaidh de baile mór Thuama. - Nuair a bhíonn dealg í méir duine cuirtear teanga sionnaigh leis.
Nuair a bhíon tinneas ar mhuic cuirtear flainnín uirthe agus annsin cuirtear uisge te tríd.
Cuirtí píopa dearg d'éadach ar bun earbhaill an bhó nuair a bhíodh sí tar éis(continues on next page)- Collector
- Nóra Ní Núthail
- Gender
- Female
- Address
- Cloonkeenbeg, Co. Galway