School: Crois Bhóthar
- Location:
- Pollacorragune, Co. Galway
- Teacher: Eibhlín Ní Bhreitheamhan
![The Schools’ Collection, Volume 0039, Page 0148](https://doras.gaois.ie/cbes/CBES_0039%2FCBES_0039_0148.jpg?width=1600&quality=85)
Archival Reference
The Schools’ Collection, Volume 0039, Page 0148
Image and data © National Folklore Collection, UCD.
See copyright details.
DownloadOpen data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Crois Bhóthar
- XML Page 0148
- XML “Áitainmneacha”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)Do chuaidh gach duine de na cailíní díobh isteach ins na mnáibh riagalta ins an mainistir i gCill Craobhantaigh. Bhí duine aca in a Máthair Abb agus "Brevie" an t-ainm abhí uirthe. Sé an t-ainm ata ar an áit a raibh an mainistir - ó'n am sin amach ná Cill Craobhantaigh. Deir cuid eile de na daoine gur ó'n gcill agus an méid crann abhí ag fás ann a fuair sé a ainm. Sé an chiall atá i bhfocal "Cill Craobhantaigh" ná "Church of the Branches."Lá amháin chaill an Mháthair Abb a clóca agus an-leitheada an t-ainm abí air. Do shéid an gaoth é as a gualainn agus thuit sé síos i n-áit ar a dtugtar "Leithead" anois.Tá an t-ainm "Garrdha Shéamuis" ar ghort atá ag muinntir Ceallaigh. Deirtear go raibh fear in a chomhnuide i mbothán beag annsin agus Séamus abhí mar ainm air.I n-aice le Cathair na nGarranta tá gort agus sórt aibhne ann. Bhí sagart ag siubhal ins an ngort agus bhí air dul treasna na h-aibhne. Nuair abhí sé ghá déanamh thuit sé isteach ann agus tá an t-ainm Poll a' tSagairt air ó'n am sin amach.
- Collector
- Áine Breathnach
- Gender
- Female
- Address
- Kilcreevanty, Co. Galway