School: Crois Bhóthar
- Location:
- Pollacorragune, Co. Galway
- Teacher: Eibhlín Ní Bhreitheamhan
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)an cúntas seo dom.
Sé an chaoi a ndéanaidís bréagáin fadó ná le turnapaí go mór-mhór. Gheibhidís turnap agus sgian agus d'fhágaidís an turnap ar an úrlár. Ghearraidís píosa beaga as. Ar chuma fir a bhíodh siad ghá déanamh. Chuiridís poll mór air annsin agus chuiridís coinneal mhór in a seasamh ann agus d'fhágaidís ar an mbóthar é san oidhche ionnus go gcuirfeadh sé faithchíos ar dhuine a bhíodh ag dul an bóthar.
Sé an chaoi a ndéanadh na buachaillí na "pop gun" ná gheibhidís dhá phíosa de "elders" agus bhainidís an craiceann díobhtha agus annsin chuiridís píosa d'éadach ar bhárr cinn de na h-elders. Annsin gheibhidís corc agus chuiridís poll beag ann le biorán. Líonaidís
annsin é le h-uisge agus bhéadh sé i ndon é a choinneal ann.
Sé an chaoi a ndéanfaidís na clíabháin éin ná chruinnighidís go leor cipíní móra le chéile agus gheibidís sgian agus ghearraidís na cipíní go dtí go mbéadh siad in a bior. Annsin gheibhidís 4 cinn de na slataí agus agus cheangluighidís le chéile iad. Gheibhidís 4 cinn eile annsin agus chuiridís na(continues on next page)- Collector
- Nóra Ní Núthail
- Gender
- Female
- Address
- Cloonkeenbeg, Co. Galway