School: Crois Bhóthar
- Location:
- Pollacorragune, Co. Galway
- Teacher: Eibhlín Ní Bhreitheamhan
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Crois Bhóthar
- XML Page 0253
- XML “Bia na Seanaimsire”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Bhíodh dhá bhéile sa ló ag na sean-daoine fadó - ceann amháin ar maidin agus an ceann eile i lár an lae nó sa trathnóna, tar éis dul faoi do'n ghréin. Ba ghnathach le daoine obair a dhéanamh roimh an gcéad béile. Uaireannta bhíodh siad ag obair ar feadh uaire roimh an mbricfeasta.
Bhíodh leite, arán seagail, nó leite faoi chupóig' aca. D'itheadh daoine fásta fatai uair sa ló, agus na páistí dhá uair. Bainne géar a bhíodh le n-ól aca.
Ar sgiob fágtha ar rud eicint i lár an urláir, d'itheadh na daoine na fatai.
Bhí arán cruithneachta is arán plúir in úsáíd freisin.
Faoi dhá chupóig i lár na teine a ghnítí an "leite fá chupóig". Chuireadh cuid de na daoine an t-arán 'ghá bhácáil ar "gred-iron" os cionn dhá fhód móna.
Sgadáin is mó - in ionad feola - a n-ithtí fadó.
Bhíodh féasta mór ar Oidhche Nodlag, ahus mharbhuigheadh coileach i gcóir Féile Mhártain.
An chéad uair a tháinig an tae amach(continues on next page)- Collector
- Áine Ní Bhriain
- Gender
- Female
- Address
- Cloonkeenbeg, Co. Galway
- Informant
- Micheál Ó Lurgáin
- Relation
- Grandparent
- Gender
- Male
- Age
- 75
- Address
- Cloonkeenbeg, Co. Galway