School: An Cheapach (roll number 14508)
- Location:
- Cappagh, Co. Galway
- Teacher: Seosamh G. Ó Cléirigh
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: An Cheapach
- XML Page 0102
- XML “Lucht Siúil”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Tagann lucht siubhal go dtí mo theach ó am go h-am. Is iad na daoine céadhna a thagann igcómhnuidhe beagnach. Tagann Muinntear Stoces agus Muinntear Mongain agus Mac Suibhne. Díolann siad cannai agus cupáin stáin agus lampaí stáin. Ceannuightear cuid de na rudaí sin uatha san áit seo. Gheibheann siad stáin ó na siopadóirí agus déanann siad na h-earraidhe. Tagann fear eile thart agus bíonn sé ag díol rásúir, cíora, bior i gcóir bónnaí agus caola na lámh agus agus a lán neithe eile.Ní bhíonn fáilte rómpa ins na tíghtibh. Ní fhanann siad acht tamall geárr i ngach teach. Codluigheann siad ar thaobh an bhóthair i gcampaí. Ní thugann siad bíadh dóibh féin thart leo. Iarann siad déirce ins na tíghthe. Íarann siad plúr, siucre, tae, bainne, fataí, féar, agus móin. Tugann na daoine déirce dóibh. Bíonn na mná ag íarraidh déirce i gcómhnuidhe. Nuair a gheibheann siad déirc, deireann siad, "Go méadhuighte Dia do(continues on next page)
- Collector
- Úna Ni Fhinnearáin
- Gender
- Female
- Age
- 15
- Address
- Boggauns, Co. Galway