School: Northampton (roll number 6396)
- Location:
- Northampton, Co. Galway
- Teacher: Tomás Ó Domhnalláin
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Saoghal na nDaoine sa gCeanntar seo dhá scór Blian ó shoin.(Nóta:- An t-ádhbhar a chuirfeas mé fhéin síos annso 'sé Pádraic Ó Nualláin an t-ughdar leis. Tá Pádraic i ndáil le bheith ceithre scór bliain, acht tá an mheabhar agus an cuimhne ar fheabhas aige fós. Chaith sé a shaoghal sa bparóiste seo, agus tá fhios aige chuile chor a tháinig ar bhealaigh na ndaoine le n-a linn. Tá an Ghaedhilge go binn aige. Bhreac mé an t-eolas síos agus muid beirt ag seanchus, agus chlaodh mé le h-innsint gan cur leis ná baint uaidh -- Pádraig T. Ó Domhnalláin)I. Ádhbhar Soluis san áit seo fadó.Coinnleóireacht(1) Sul má bhí trácht ar choinnlí an tsiopa bhí ár gcoinnlí féin againn. Bhí múnlaí miotal againn, go raibh réanamh coinnle orra. Cuirfidhe an buaicis isteach i dtóin an mhúnla agus suas go dtí n-a bhárr. Coinneóchaidhe 'na áit é le cipín treasna thíos. Cuirfidhe geir leaghta isteach sa múnla (geir mart nó caorach). Nuair a bheadh sé fuaraighthe bhainfidhe úsáid as an gcipín leis an gcoinneal déanta a bhaint amach as an múnla.
(2) Na brobanna (rushes) :- Bhíodh brobanna ann chomh(continues on next page)- Collector
- T. Ó Domhnallaín
- Gender
- Male
- Informant
- Padhraic Ó Nualláin
- Gender
- Male
- Age
- 80
- Address
- Kinvarradoorus, Co. Galway