Scoil: Northampton (uimhir rolla 6396)
- Suíomh:
- Northampton, Co. Galway
- Múinteoir: Tomás Ó Domhnalláin
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Northampton
- XML Leathanach 0127
- XML “Scéalta faoi na Siógaí”
- XML “Scéal”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)ag droicead locurra arís. Tug sé buidéal fíon a bhí in a póca aige do'n sagairt . "Cá bhfuair tú é sin" arsan sagart. "Ó 'Mrs Moloney' " arsan fear. "Níor dhíol sí aon deor araimh de sin" arsan sagart. D'innis an fear an sgéal do'n sagart.
Tá sé ráidhte gur b'shin é an céad cárr a tháinig go h-Éirinn ariamh.(7) Bhí fear fadó ann is chonnaic sé an cóiste bodhar bhí sé in a comhnuidhe i ndáil le Cinn Mhara. Chuaidh sé ar cuairtigh san oidhche. Nuair a chuaidh sé amach as an teach a bhí sé ar chuairt ann cuala sé an torann ag teacht arais an bóthar in a aghaidh. Rith sé leis fhéin agus bhí an doras dúnta in a aghaidh. Bhí 'crowbar' in aghaidh an dorais le na choinneál dúnta. Chuir sé an 'crowbar' le 'drive' in aghaidh an 'back-door'. Chuaidh sé go dtí an bhfuinneóg le an cóiste a fheiceál. Cóiste mór dubh a bhí ann agus gan aon capall fuaithe is beirt in a suidhe suas gan aon cloige-ann orra. - Sgéal.
Chuaidh fear amach Lá Bealtaine is chonnaic sé girrfiadh istigh faoi'n mbó is é ghá crúdh. Bhí cú bheag in éindigh leis agus lean an chú í agus bhain sí greim as a cos is í ag dul isteach trí bhfuinneóig tighe. Nuair a chuaidh an fear isteach bhí sean chailleach ag socrúgh a chos 'san áit ar bhain an cú greim deSgéal.
Bhí fear fadó ann is ní raibh ach aon mhac amháin agus bhí sé an saidhbhir. Taisbáineadh do'n athair go marbhócaidhe é leis tóirneach nuair a bheadh sé an oiread seo do bhlianta d'aois. Thosuigh an t-athair ag déanamh áit(leanann ar an chéad leathanach eile)