School: Northampton (roll number 6396)

Location:
Northampton, Co. Galway
Teacher:
Tomás Ó Domhnalláin
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0048, Page 0130

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0048, Page 0130

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Northampton
  2. XML Page 0130
  3. XML “Béaloideas - Na Fianna”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. Béal Oideas.
    Na Fianna
    (1) Deirtear gur in Órán Mór a raibh na Fianna ba láidre. Bhíodh siad i gcómhnuidhe ag seilg ó mhaidin go h-oidhche agus ó Luan go Satairn. An lá seo bhí siad ag fiadhach in aice le coill mhór. Níorbh fhada go bhfacadar broc agus rith gach duine 'na dhiaidh gur marbhuigheadar é. Bhí siad ar siubhal mar sin ar feadh tamaill agus arsa duine de na Fianna "feicim broc eile". Chuaidh duine eile ar a aghaidh agus dubhairt sé "ní fheiceann tú broc eile". Bhí siad ag argóint mar sin ar feadh tamaill agus dubhairt an fear go bhfac[a] sé broc agus dubhairt an fear eile "ní fhaca tú broc tá tú ag innseacht bréige agus níorbh é do céad uair-se é." Ar deireadh thiar thall thug an fear isteach nach bhfaca sé an broc. Tháinig na Fianna go léir timcheall air agus níl cur síos ná innsint sgéil ar an mbualadh a thug siad dó mar bhí sé de dánaidheacht air gach duine de na Fianna gan bréag a innsint.
    (2) Bhí cuid eile de na Fianna in aice le Gort Inse Guaire. An lá seo d'éirigh siad le breacadh an lae agus chuaidh siad amach ag fiadhach. Chonnaic siad abha i bhfad uatha agus chuaidh siad chomh fada leithe. Bhain siad díobtha agus chuaidh siad amach ag snámh agus ag folcadh. Nuair a bhí siad réidh
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Language
    Irish
    Informant
    Pádraig Ó Congaoile
    Gender
    Male
    Age
    75
    Address
    Gortaboy, Co. Galway