Scoil: Northampton (uimhir rolla 6396)
- Suíomh:
- Northampton, Co. Galway
- Múinteoir: Tomás Ó Domhnalláin
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Northampton
- XML Leathanach 0145
- XML “Scéalta”
- XML “Luibheanna”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)arsan fear mar bhí fatchíos air roimh an robáilidhe a bhí ag cainnt. Chuaidh sé chuig an gabhainn le comhairle a fhághail. D'innis sé a sgéal do'n ngabhainn. Chuaidh an fear abhaile. Lá ar na bháireach chuir an fear an cat ins an mála le dul ag an mBaile Mór mar a cheap an cat. Chuaidh an fear isteach ins an gceardhchain agus leag sé an mála treasna an ionneoin. Nuair a d'airigh an cat é ghlaoidh sé amach "Ar t-anam ná sgar leis an mála." Bhí beirt fhear ar gach taobh de'n inneoin agus tharraing siad ar an mála le dhá órd gur dhein siad mior-sprus de'n cat. Bhí an mí-adh ar an bhfear ó'n lá sin amach mar sidheóg a bhí ins an cat.
- Luibheanna.(1) Coinneal Mhuire :- sin an 'mullan plant'. Luibh le h-aghaidh gearradh.
(2) Roimhéil-ríogh :- Fásann sé an mhór is catóigín de bhileóg air. Plástar le gearradh nó rud mar sin.
(3) Luibh na Mná Chaoin :- Luibh a mbíodh ag na Mná Chaoin na daoine a a [!] tháinig roimh an dream seo, mar leigheas ar chuile rud.
(4) Croch-Phádhraig :- Luibh le h-aghaidh gearradh. Naomh Pádhraig a chuir é. Gheobhfaidh tú amuigh idir dhá chloich é. Bheitheá ag bualadh in aghaidh dhá chloich é go mbeadh sé an-bheag agus é a fháisgeadh ar an gearradh agus chreasadh sé i dhá lá é.
(5) Toirpín :- a fhásann ar bhinn an tighe. Luibh le h-aghaidh súile tinne.
(6) Meacan na chaora :- Le dhá cnámh a greamadh le céile.
(7) Meacan an Chompany :- Le h-aghaidh 'consumpation'. [!]
(8) The Maiden Hair :- Le h-aghaidh 'consumpation'. [!]
(9) Teangean an Sionnach :- Dilleóg a bhíon i poll a' chlaidhe. Le h-aghaidh consumpation [!] is Garleóg agus Hemlock.
(10) Maighistir na Luibheanna ar fad seadh an 'Forget me not'. Tá sé go maith(leanann ar an chéad leathanach eile)- Faisnéiseoir
- Riocáird de Búrca
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 80
- Seoladh
- Cahermore, Co. Galway