School: Clochar na Trócaire, Cinn Mhara
- Location:
- Kinvarra, Co. Galway
- Teacher: Siúracha na Trócaire
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)nuair adubhairt Gobán leis an mhach an bóthar a ghiorrachan. Dubhairt an mach nach bhféadfadh sé an bóthar a ghiorrachan acht siubhail go tapaidh. D'fill an Gobán agus a mhac abhaile an dara lá nuair a bhíodar ag imtheacht dubhairt an mháthair leis an mhach sgéal a innsint do Ghobán nuair a dhéirfeadh sé leis an bóthar a ghiorrachan. An tríomhadh lá nuair adubhairt an Ghobán leis an mach an bóthar a giorrachan d'innis sé sgéal dhó.
D'imthigheadar nó go dtáinigheadar go dtí an áit in a raibh an caisleán a dhéanamh agus dhubhairt sé leis an caisleán a thósnú. Dhubhairt an rí nach dtabharfadh sé aon airgead dó. Nuair a bhí an caisleán beagnach críochnúighthe, dubhairt an Ghobán nach mbhead[h] sé i ndán an caisleán a críochnuigh a bhfaighead[h] sé an t- uirlis a bhí sa bhaile aige. Chuaidh m[ac?] an duine uasail abhaile le h-aghaidh an uirlis. Nuair a chuaidh sé isteach i dteach an Ghobáin chun an uirlis d'fághail. Dubhairt an bhean le[is] é a fhághail as an mbosca mór a bhí le h-a[is] an dorais. D'osgail sí an clúdhach agus chuir an duine uasal a cheann isteach ann. Dún sí an clúdhach go tapaid agus d'fhágh sí an duin[e] uasal isthigh ann. Cuir sí fios ar Ghobán a(continues on next page)- Collector
- Úna Ní Moráin
- Gender
- Female
- Address
- Kinvarra, Co. Galway
- Informant
- Pádhraig Ó Laoghaire
- Gender
- Male
- Age
- 70
- Address
- Kinvarra, Co. Galway