School: Doireadh (roll number 12946)
- Location:
- Na Doiriú Theas, Co. Galway
- Teacher: Pádraig Ó Heidhin
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)teach Rígh in aice léithe agus bhí searbhóntaigh ag an Rí. Bhí crann cnódhanna ag fás i ngarraidhe na baintreabhaighe i n-aice an tighe agus thighead searbhóntaigh an Rígh gach oidhche ag baint na gcnodhanna. Ní raibh fhios ag an gcailleach é seo ar chor ar bith. Aon lá amháin dubhairt a clann mhac léithe gur b'ionghantach a bhí na cnódhanna ag laghdú ar an gcrann. Bhí aimhreas ortha ar searbhóghantaí an Rígh go b'iad a bhí dá ngoid. Dubhairt an chailleach leo a dhul ag faire an chrainn an oidhche seo. Dubhairt siad nach leigfeadh faitchíos dóibh mar nach raibh siad sáthach láidir lé na searbhóghantaí a bhualadh dhá dtighidís go dtí an crann.
Bhí na cnodhanna ag imtheacht ó lá go lá nó sa deiridh nach raibh aon ceann fágtha. Annsin dubhairt an chailleach nach bhféadfaidhe cur suas leis an obair seo ní b'fhuidhe agus go gcaithfidís sásamh a bhaint amach. D'orduigh an chailleach annsin dóibh dul agus an chaora a b'fhearr a bhí ag an Rígh a ghoid agus annsin nuair a ghoidfidís í go bh'féadfadh siad í a mharbhúghadh. D'imthigheadar leó ag iarraidh an chaora. Bhí orra dul thar roilig sul má shroichfidís an baile. Séard a bhí beartuighthe ag searbhóghantaí an Rígh ná duine aca dul ag goid caora a bhí ag an gcailleach agus an duine eile fanacht ins an roilig nó go dtagadh sé ar n-ais. Acht níor raibh fhíos ag an mbeirt mhac é sin.
D'éirigh leis an mbeirt mhac an chaora(continues on next page)- Informant
- Peadar Ó Briain
- Gender
- Male
- Age
- 60
- Occupation
- Feirmeoir
- Address
- Cladhnach, Co. Galway