Scoil: Doireadh (uimhir rolla 12946)
- Suíomh:
- Na Doiriú Theas, Co. Galway
- Múinteoir: Pádraig Ó Heidhin
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Doireadh
- XML Leathanach 0082
- XML “An Gníomh ba Ghaisciúla”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- An Gníomh ba Ghaisgeamhla.Bhí fear ann uair amháin agus bhí sé ag éirighe an-tsean. Bhí triúr mac aige. Aon lá amháin ghlaoidh sé chuige a thriúr mac agus dubhairt leo. "Tá mise anois ag éirighe sean agus táim ag dul ag roinnt mo shaidbhris orraibh. Acht tá chloch an-luachmhar agam agus ní gheobhaidh í acht duine amháin. Ní gheobhaidh an duine sin féin í muna saothróchaidh sé í. Dhá bhrígh sin imthighigh an triúr agaibh go ceann míosa. Nuair a thiócfas sibh ar ais go dtí mise annsin innseóchaidh gach duine agaibh dhom an gríomh is gaisgeamhla dá ndéanfaidh sibh".
Bhí na triúr mac an-bhuidheach dá n-athair mar gheall ar an saidhbhreas a thug sé dóibh. Acht ba mhaith le gach duine go mbeadh an chloch luachmhar seo aige. D'imthigheadar leó annsin nó gur tháinigeadar go dtí a n-athair i gcionn na míosa. Nuair a shroicheadar an t-athair bhí a sgéal féin ag gach duine lé n'innseacht dhó. D'fhiafruigh sé den chéad mhac(leanann ar an chéad leathanach eile)- Faisnéiseoir
- Michéal Ó Conghaola
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 69
- Gairm bheatha
- Táilliúir (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
- Seoladh
- Doire an Fhéich, Co. Galway