School: Doireadh (roll number 12946)
- Location:
- Na Doiriú Theas, Co. Galway
- Teacher: Pádraig Ó Heidhin
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- An Bhean a Bhí seacht mBliadhna in Ifrean[n]Bhí mac ríogh ann agus phós sé bean. Bhí máthair na mná istigh san teach in éindigh leó. Annsin ní raibh sé i bhfad pósta gur iarr sé ar an mbean a máthair a dhíbirt. Níor mhaith leis an inghean sgaramhaint leis an mháthair. Nuair a dimthigheadh sé amach ag fiadhach gach maidin d'abróchadh sé leis an mbean a máthair bheith díbríghthe aici nuair a thiocfadh sé ar ais. Nuair a thiocfadh sé ar ais déarfadh an bhean leis go mbíodh go leór oibre déanta agus go bí an mháthair a ghníodh chuile phioc den obair agus cén chaoi a ndíbreóchadh sí í. Ach ní raibh an fear sásta.
Aon lá amháin thug sí léi an mháthair ar a druim. Bhí sí féin agus an mháthair imthighthe nuair a tháinig an fear isteach. Bhí an bhean ag imtheacht agus an mháthair ar a druim aici thar chnuc agus gleannta. Bhí an inghean trom tuirseach agus shuidh sí síos. Chonnaic sí solus beag i ngar dí. Thriall sí ar an solus agus tháinig sí ag an teach. Sheas sí go cúthal ag an dorus. Dubhair [!] bean(continues on next page)- Informant
- Maighréad Bean Nic Con Iomaire
- Gender
- Female
- Age
- 48
- Occupation
- Bean feirmeora
- Address
- Doire Choill, Co. Galway