School: Doireadh (roll number 12946)
- Location:
- Na Doiriú Theas, Co. Galway
- Teacher: Pádraig Ó Heidhin
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Doireadh
- XML Page 0017
- XML “Seán Buí Búrca”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)den fhear a bhí na aonair. Chuaidh Seán faoi'n gcónra agus d'fhág an fear an cónra annsin aige. D'iomchur sé an cónra go dtí an teach agus nuair a d'fhosgail sé í seárd a bhí innte ná bean óg áluinn a raibh folt gruaige uirthe ar dhath an óir. Dhírigh sí aniar ins an gconra agus choinnigh sé ins an teach í acht ní raibh focal ar bith cainnte aici. Casadh na triúr bhan aríst ar Sheán agus dubhradar leis an biorán óir a bhí na cúl a bhaint as agus go dtiocfadh cainnt dí. Nuair a tháinig sé abhaile bhain sé an biorán as a cúl agus ar an bpoinnte thainigh a cainnt ar ais cuice.
Aon lá amháin bhí Seán agus an bhean ag dul tríd Aonach an Spidéil agus tháinigeadar isteach i dteach ósta agus chonnaiceadar bean istigh ann. Thosuigh sí ag caoineadh agus d'fhiafruigh Seán dí céard a bhí uirthe agus dubhairt sí, gur cailleadh a h-inghean bliadhain is an lá indiú agus gur chosamhail leis an mbean óg sin í a bhí istigh ins an teach ósta. (B'fearr) "B'fhéidir gurbh í" adeir Seán. "Ó cén chaoi a bhféadfadh sí a bheith" adeir an bhean. Thosuigh an bhean óg ag caoineadh freisin agus dubhairt sí gurbh í a h'inghean a bhí ann. Chuir an bhean na mílte fáilte roimhe agus d'innis Seán dí an sgéal mar a thárla sé. Tugadh an bhean óg agus Seán Buidhe Búrca chuig teach na mnaoi agus caitheadar tamall fada annsin nó gur thrialladar abhaile agus mhaireadar go séanmhar uaidh sin amach.- Informant
- Peadar Ó Briain
- Gender
- Male
- Age
- 60
- Occupation
- Feirmeoir
- Address
- Cladhnach, Co. Galway