School: Doireadh (roll number 12946)
- Location:
- Na Doiriú Theas, Co. Galway
- Teacher: Pádraig Ó Heidhin
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Doireadh
- XML Page 0020
- XML “Mac is Fiche”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Mac is FicheBhí fear uasal i gCúige Chonnacht tráth agus bhí mac is fiche clainne aige. Bhí an-cháil ortha agus chuaidh siad go Conndae an Cláir ag bualadh báire. Dubhairt an t-athair mar a mbéidís ar ais an lá do bhí ceapaidhthe aige féin go marbóchadh sé iad.
Dimthigh leó go Conndae an Chláir agus ghnóthuigh siad an báire. Choinnigh buachaillí an Chláir iad ar féasta ar feadh trí lá. Bhí fhíos aca nach raibh aon mhaith dóibh a dul go Connacht mar go marbhóchadh an t-athair iad. Mar sin fhéin d'imthigh leó agus nuair a bhí siad tamall uaidh an teach sheas siad agus ins an oidhche a bhí ann. Dubhairt siad leis an mac is sine a dhul go dtí an teach. Dimthigh leis agus chuaidh sé ag éisteacht. Dubhairt an t-athair istigh lé'n na bhean, "tiocfaidh siad anois anocht agus ins an stábla a thiocfas siad, agus lasfaidh muid an stábla."
Dimthigh an mac is sine ar ais aríst go dtí an sgór eile agus d'innis sé an sgéal dóibh. Dimthigh leó aríst go dtáinig siad go dtí cros-bhothar. Sheas siad annsin agus dubhradar lé chéile go n-imthigheóchadh siad ag saothrú a mbeatha. Dubhair[t] an mac is sine leó bheith ar ais ag an gcros-bhóthar i gceann lá is bliadhain dá mbéidís beó.(continues on next page)- Informant
- Peadar Ó Scannláin
- Gender
- Male
- Age
- 24
- Occupation
- Mac feirmeora
- Address
- Tóin an Chnoic, Co. Galway