School: Doireadh (roll number 12946)
- Location:
- Na Doiriú Theas, Co. Galway
- Teacher: Pádraig Ó Heidhin
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)an tighe léi theacht ag an teine agus bhí an bhean a bhí san teach ag breathnúghadh an-bhrónach. D'fhiafruigh an bhean a tháinich isteach ar mhisde dhí fiafhruighe cad do bhí uirthe. Dubhairt an bhean go raibh roilig ar an mbaile agus nach raibh aon uair a gcaillfídhe duine ar an mbaile nach gcaithfeadh duine dul dá fhaire, agus gur ar a mac féin a bhí dhul dá fhaire an oidhce sin. Níl aon duine a gabhadh ag faire an roilig nach mbead caillte ar maidin. D'fhiafruigh an bhean dí céard a thiubhradh sí dí féin dá ngabhadh sí ag faire an oidhche sin. Dubhairt sí go dtiubhradh sí leath dá raibh istigh agus amuigh dí. Séard adeir an bhean léi nach raibh sí ag iarraidh uirthe acht aire mhaith a thabhairt dá máthair go dtíocfadh sí ar ais, agus dubhairt bean a' tighe go dtiúbhradh.
Dimthigh sí annsin agus chuaidh sí ag (chuig) an roilig. Shuidh sí síos agus nuair a bhí sé 'na mheadhon oidhche d'airigh sí an geata a bhí ar an roilig dhá osgailt, agus rinne rud géim. Dúbhairt an bhean "Dia is Muire leat agus Rí an Domhnaigh", dubhairt sí na focla seo trí h-uaire.
Annsin labhradh léi agus dúbhradh leí dhul abhaile agus gan a bheith sásta mar(continues on next page)- Informant
- Maighréad Bean Nic Con Iomaire
- Gender
- Female
- Age
- 48
- Occupation
- Bean feirmeora
- Address
- Doire Choill, Co. Galway