School: Doireadh (roll number 12946)

Location:
Na Doiriú Theas, Co. Galway
Teacher:
Pádraig Ó Heidhin
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0061, Page 0069

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0061, Page 0069

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Doireadh
  2. XML Page 0069
  3. XML “Caisleán an Chaimiléaraí”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. (continued from previous page)
    bhí sé sáthach buadhartha agus b'éigin dhó dul abhaile. Nuair a chonnaic an t-athair ag tigheacht aríst é d'fhiafruigh sé dhó an raibh mórán saothruighthe ó shoin aige. D'innis sé an sgéal mar a thárla sé agus d'fhan sé tamall maith ins an mbaile. Thug an t-athair an oiread eile airgid dhó agus dubhairt sé leis imtheacht leis aríst agus gan é a chaitheamh go fánach mar rinne sé cheana. Dimthigh leis aríst agus bhí sé ag imtheacht nó go bhfuair sé teach agus choinnigh fear an tighe mar shearbhógánta é.
    Bhí sé suim bliadhanta ag obair don fhear seo agus aon lá amháin dubhairt sé leis féin go rachadh sé ar chuairt go dtí a athair. Bhí go leór airgid aige faoi'n am seo. Bhí air dhul thar an gCaisleán mór seo le dhul chuig teach a athar agus nuair a bhí sé ag teacht chomh fada leis cé bhead ins an doras acht fear an Chaisleáin. Bheannuigheadar dhá chéile agus d'fhiafruigh fear an Chaisleáin aríst de an mbeadh chluiche aige. "Ní" misde liom" adeir an mac. Chuadar ag imirt agus ba ghearr gur imir fear an chaisleáin aríst air don dárna h-uair. "Tá mé caillte go deó
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Language
    Irish
    Informant
    Peadar Ó Briain
    Gender
    Male
    Age
    60
    Occupation
    Feirmeoir
    Address
    Cladhnach, Co. Galway