School: Doireadh (roll number 12946)

Location:
Na Doiriú Theas, Co. Galway
Teacher:
Pádraig Ó Heidhin
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0061, Page 0080

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0061, Page 0080

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Doireadh
  2. XML Page 0080
  3. XML “An Mac Díchéillí”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. (continued from previous page)
    agus chuaidh an fear agus rinne sé fáinne dhó féin aríst agus chuaidh sé suas ar mhéir an inghean. Labhair an t-athair léi agus d'fhiafruigh sé dhí cá raibh sé agus dubhairt sí leis gur imthigh sé acht níor chreid a h-athair í agus dubhairt sé léithe gan é a dhúiseacht aríst.
    Chuaidh sé i chodhladh agus ba ghearr go rinne an fáinne an rud chéadhna agus dhúisigh sise aríst é agus ar an bpoinnte chuaidh an fear agus rinne sé fáinne dó féin aríst agus chuaidh sé ar a méir agus thug an t-athair fógra dhí gan é a dhúiseacht aríst nó go gcuirfeadh sé a raibh sa ngunna innte.
    Faoi cheann cúpla lá in-a dhiaidh sin tháinig an feairín ar ais agus an dhá réag giollaí in éinfeacht leis. Chuaidh siad isteach i dteach an ríogh agus ba ghearr gur leagadh béile aca acht níor ith an feairín aon bhlas. Cuireadh ceist air cén fáth nach raibh sé ag ithe agus dubhairt sé nach mblaisfeadh sé go aon bhlas nó go ngeobhfadh sé an rud a bhí uaidh, dubhairt fear an tighe go dtiubhradh
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Folktales index
    AT0325: The Magician and his Pupil
    Language
    Irish
    Informant
    Brighid Bean Uí Bhreathnuigh
    Gender
    Female
    Age
    53
    Occupation
    Bean feirmeora
    Address
    Ros an Mhíl, Co. Galway