School: Doireadh (roll number 12946)
- Location:
- Na Doiriú Theas, Co. Galway
- Teacher: Pádraig Ó Heidhin
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Doireadh
- XML Page 0082
- XML “An Gníomh ba Ghaisciúla”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- An Gníomh ba Ghaisgeamhla.Bhí fear ann uair amháin agus bhí sé ag éirighe an-tsean. Bhí triúr mac aige. Aon lá amháin ghlaoidh sé chuige a thriúr mac agus dubhairt leo. "Tá mise anois ag éirighe sean agus táim ag dul ag roinnt mo shaidbhris orraibh. Acht tá chloch an-luachmhar agam agus ní gheobhaidh í acht duine amháin. Ní gheobhaidh an duine sin féin í muna saothróchaidh sé í. Dhá bhrígh sin imthighigh an triúr agaibh go ceann míosa. Nuair a thiócfas sibh ar ais go dtí mise annsin innseóchaidh gach duine agaibh dhom an gríomh is gaisgeamhla dá ndéanfaidh sibh".
Bhí na triúr mac an-bhuidheach dá n-athair mar gheall ar an saidhbhreas a thug sé dóibh. Acht ba mhaith le gach duine go mbeadh an chloch luachmhar seo aige. D'imthigheadar leó annsin nó gur tháinigeadar go dtí a n-athair i gcionn na míosa. Nuair a shroicheadar an t-athair bhí a sgéal féin ag gach duine lé n'innseacht dhó. D'fhiafruigh sé den chéad mhac(continues on next page)- Informant
- Michéal Ó Conghaola
- Gender
- Male
- Age
- 69
- Occupation
- Táilliúir
- Address
- Doire an Fhéich, Co. Galway