School: Doireadh (roll number 12946)
- Location:
- Na Doiriú Theas, Co. Galway
- Teacher: Pádraig Ó Heidhin
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Doireadh
- XML Page 0114
- XML “Triúr Mac na Baintrí”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)amach san loch ach mar sin féin ní dhéanfadh siad aon chasán. Tháinig an máistir ach ní bhfuair sé aon locht air tar éis a chuid caoire ar fad a bheith marbh aige.
Nuair a tháinig sé abhaile san oidhche, dubhairt sé go dtiocfadh sé ar chuairt. Nuair a dimthigh sé amach sé an áit a chuaidh sé ná san dorus dúnta Go mbeadh fhios aige céard a bhead muinnti[r] an tighe a rádh faoi. Thosuigh fear an tighe ag sgiolladh agus ag feannadh ar mhac na baintreabhaighe ag rádh go raibh sé sgriosta aige. "Tá mo chuid caoirigh marbh aige agus mo chú bhreágh sínte". "Anois" adeir an mháthair "ní fhéadfadh tú é do dhibirt go nglaodhfaidh an chuach san gcoill ach ar maidin amáireach éireóchaidh mise agus tiocfaidh mé san gcoill agus déarfaidh mé cúc-cú. Bhí mac na baintreabhaighe ag éisteacht leis an gcainnt. Chuaidh sé a chodhladh agus nuair a d'éirigh sé ar maidin lá ar na bháirea[ch] d'airigh sé an chuac. Dubhairt fear an tighe leis. "Ó caithfidh tú bheith ag imtheacht anois". "Caithfidh mé a dhul ag breathnú ar an gcuaich sul a n-imthighidh(continues on next page)- Informant
- Bairbre Bean Nic Con Iomaire
- Gender
- Female
- Age
- 76
- Occupation
- Bean feirmeora
- Address
- Doire Choill, Co. Galway