School: Cashel (roll number 11358)
- Location:
- Cashel, Co. Galway
- Teacher: P. Ó Lochlainn
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Cashel
- XML Page 142
- XML “Daoine Cáiliúla”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Bhí bean darbh ainm di Peig Uí Laoinseach ina chomhnuidhe i Sruth-Shaile fadó. Bhí sí in ann cleibh ubh a iomchur ar a druim síos go Cathar na Márt agus a bheith sa mbaile lá ar na bhárach agus an mála lán le earraí tighis ar a druim aici. Trasna na sléibhe rachadh sí.Bhí bean eile i Sruth-Saile agus gach lá theigead sí chuig an bportach agus bheiread sí cleibh agus mála móna ar a droim abhaile léi.Bhí fear ar an mbaile seo agus rinne sé a cloc chinn féin, agus ghearr sé treasg ann. As cloch mhór leathan rinne sé é. Tá sé le feiceáil fos os cionn a uaigh i mBéal an Atha Fada.Bhí fear eile ina comhnuidhe i Leitir Camuis leath céad bliain ó shin. Bhí sé ina Piobaire breágh. Seán Ó Floinn an t-ainm a bhí air. D'imthigh sé go h-Albain suas le triocha bliain ó shoin. Fuair sé bás ann. Bhí go leor snamuidhthe maithe thart annseo freisin. 'Siad na cinn ab' fhearr dóib: Páid agus Maitiú Seóige, Seán agus Marcus Mac an Bhaird, Sean O Domhnaill agus Marcus Ó Uaithnín.
- Collector
- Máire Seóige
- Gender
- Female
- Address
- Scrahallia, Co. Galway
- Informant
- Sorcha Seóige
- Gender
- Female
- Age
- 45
- Address
- Scrahallia, Co. Galway