School: Cashel (roll number 11358)

Location:
Cashel, Co. Galway
Teacher:
P. Ó Lochlainn
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0010, Page 151

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0010, Page 151

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Cashel
  2. XML Page 151
  3. XML “Ainmhithe Fiáine na hÁite seo”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. (continued from previous page)
    Tá nead na gráinneóige le fághail i gcroidhe sean – crann lobhtha; nó uaireannta imeasg rathnaighe tirm.
    Ainmhidthe fairrge ‘seadh na rónta. D’Fheicteá iad go minic lá samhraidh gha ngrianughabh iad féin amuigh ar na carraigeacaibh mara. Tá go leor carraig san áit seo ainmnighthe ón róin mar Carraig a’ Róin agus eile. Snamhann an róin le’n a chailphísí.
    Dualann an easóg fuil ainmhidthe eile, atá níos láige ná é féin. Goideann an sionnach géana cearcha agus lachain. Fréamaí de phleanndibh is mó itheann an broc. Tá sé in ann iad a tabhairt suas as an dtalamh le’n a chosaí. Féar is mó itheann an coinín. Tá sé in ann cabáiste d’ithe freisin nuair tagann sé suas leis. Seo sgéal faoin t-sionnach.
    Oidhche geal a bhí ann. Bhí an sionnach ag spáisteóracht thart ag iarraidh béile. Tháinic sé síos chuig Oileán an Sionnaigh, Caiseal. Bí tráigh mór ann. Bhí go leor báirneach ar na clochaibh san áit. Nuair a bhíonn an taoille amuigh bíonn na báirnigh ag eirigh suas de na carraigeachaibh agus nuair a dteigeann aon rud in aice leo greamuigheann dón carraig arís. Chonmaic an sionnach aon bháirneach mór amháin agus ní raibh mórán greanna aige ar an gcloch chor ar bith shil an sionnach. Chuiadh sé aonann chuig an bairneach agus chuir sé a theanga faoi ach d’fhaisg an bairneach síos air agus chaith
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Language
    Irish
    Collector
    Máire Seóige
    Gender
    Female
    Address
    Scrahallia, Co. Galway
    Informant
    Seosamh Seóige
    Gender
    Male
    Age
    45
    Address
    Scrahallia, Co. Galway