School: Cashel (roll number 11358)
- Location:
- Cashel, Co. Galway
- Teacher: P. Ó Lochlainn
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Cashel
- XML Page 157
- XML “Píopa Aindí Mhóir”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)do bhó
Is tusa rinne an píopa ba fairrsinge sa dtír seo
Is ní caithfear ráithe an Gheimhridh go ndéanfaidh mé do spórt.
III
Siúd í an bhean a líon é, is ní le tuighe é gan strób
Chuir sí naoi bpunt síos ann is píopa de'n duilleóg
Cailleacha na tíre chruinnidís a timcheall
Is d'fag siad ar fad fuigheallach as Píopa Aindí Mhóir
IV
Ag dul go h-Inis Niadh dhom le lucht caoirigh agus bó
Maidin garbh Gheimhridh is é gaothmhar go leor
Ag dul trí Tiuin Uí Fhloinn dhom thosuigh an bád á' líonadh
Is nach maith an galún taosghadh rinne Píopa Aindí Mhóir.
V
Bhí mé amuigh i gCill Bhrighde 's mé ag ól
Bhí chomhluadar maith mo timcheall 's riar maith ceól
Bhí beirt isteach as Luimneach is an stil mhór aca líonta
'Séard d'fiafruighe an t-sean-bhean aosta: an é sin Píopa Aindí Mhóir
Bhí Raftaire an file timcheall annseo freisin. Tá túm i gCluan Áill ainmnidhthe i na dhiaidh. Deirtear gur codail sé oidche faoi agus rinne sé amhráin 'ghá mallachtú mar dubhairt sé gur "leig sé an báisteach anuas air.- Collector
- Máire Seóige
- Gender
- Female
- Address
- Scrahallia, Co. Galway
- Informant
- Máire Seóige
- Relation
- Parent
- Gender
- Female
- Address
- Scrahallia, Co. Galway