School: Cashel (roll number 11358)
- Location:
- Cashel, Co. Galway
- Teacher: P. Ó Lochlainn
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Cashel
- XML Page 160
- XML “Napoleon Bonaparte”
- XML “An Drochshaol”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)The deeds of bold Napoleon great will sting the bonny bunch of roses oh.
- Luigh an droc-shaoghal go trom annseo ó 1845 go 1848. Cáilleadh níos mó ná leath na daoine timcheall an cheanntair seo an t-am sin. Le faobhras a chailleadh an cuid is mó aca ó na luibhe-nimhe a dítheadar. Tá áiteacha ann a bhfuil fothracha na sean-dteach in a mbíodh daoine in a gcomnuidhe sul a dtáinic an droch-shaoghal agus nár mhaireadar tríd. Ní raibh móran de na daoinibh óga ag dul lear an t-am sin. Ní raibh ag na daoinibh ach gabhaltais beaga talmhan. Ar fátaibh bhí na daoine ag máireachtáil an t-am sin agus nuair a dtáinic an dubachán ortha
bhíodar réidh. Ní raibh tada le faghail san siopaíbh ach min-buidhe agus ní gheibhidís é sin fhéin gan airgead. Aon duine a mbeadh fataí nó cabáiste nó turnapaí ag fás aige bheadh sé ag faire ortha sna oidhche ármtha le clocaibh agus máidí mar bíodh na daoine nach raibh tada aca 'ghá ngoid. Bhíodh beirt nó trúir caillte chuile lá beagnach. Baineadh na daoine poll annsin agus iad a chaitheamh síos ann gan conrá ar bith. Lá amháin bhí deichneabhar le chur sa(continues on next page)- Collector
- Máire Ní Donnchada
- Gender
- Female
- Informant
- Cáit Nic Donncadha
- Gender
- Female
- Address
- Scrahallia, Co. Galway