School: Cashel (roll number 11358)
- Location:
- Cashel, Co. Galway
- Teacher: P. Ó Lochlainn
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Cashel
- XML Page 174
- XML “Ainmhithe na Feilme”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- 'Siad an bhó, an capall, an asal, an caora, an mhuc agus an ghabhar ainmhidhthe an feilm.
Ainmhidhe an úsáideach 'seadh an bó. Tá sé beathuighthe ar féar, fataí, turnapaí, cabaiste agus beatha as an siopa. Nuair atá bó thár-éis laoigh tugtar deoch mhin-choirce dí agus craithtear gráiní ar an laogh ionnus go lighfidh sí é. Báinne buí atá aici i dtosach acht tár-éis trí lá bíonn sé bán arís.
Pisreóg atá ag na sean daoine nuair tádar ag díol bó, srangán dearg a cheangal ar a ruball. Blightear bó maidin agus tráthnóna, séaluightear an báinne isteach i cruiscíní agus fágtar annsin go dtiocfaidh an úachtar ar a barr agus cuirtear an úachtar isteach i gcroga go ndéantar máistre as.
Bíonn go leor báinne ag na bá 'san samhradh acht ní bhíonn sa ngeimhreadh mar ni bhíonn an féar ag fás. An bó nó an laogh atá folláin nuair bhíos sí tamall ag ithe luigheann sí síos ag cangailt a círe. Seo cuid de na ainmneacha a tugtar ar na bá timcheall annseo; Sonás, Sgeadóg, Sméirín, Riabhóg, Druimín, cúbóigin, Cuachín, bean Domhnaill, Peitín, Polly agus Mag-Pie.- Collector
- Máire Ní Dhonnchadha
- Gender
- Female
- Address
- Scrahallia, Co. Galway
- Informant
- Micheál Mac Donnchadha
- Gender
- Male
- Age
- 43
- Address
- Scrahallia, Co. Galway