School: Árd Mhór
- Location:
- An Aird Mhóir, Co. Galway
- Teacher: Pádhraic Ó Gleasáin
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Bhí fear ann fadó agus bhí sé an-bhocht. Ní raibh an leath-pinghinn rúa aige acht ag dul thart cruinú bídh o chuile dhuine. Bhí driotháir aige agus bhí sé an t-saidhbhir agus ní thuibhradh sé greim lé n-ithe dhó. Is iomdha oidhche a chuaidh sé a codhladh i na throsgadh. Bhí sé aon oidhche amháin thar eis dul a chodhladh. Ba geárr gur airigh sé duine ag bualadh an dorais. Deirigh sé agus leig sé isteach é. Ba fear siúbhail a bhí ann agus bhí sé ag iarraidh lóistín aran bhfear bocht. D'fhan sé an oidhche sin san teach agus chuaidh an beirt a codhladh. Nuair a dhúisigh siad ar maidin dubhairt an fear siúbhail go raibh sé ag brionglóid go bhfuair sé pota óir. Bhí an fear bocht ag brionglóid go bhfuair sé fhéin an rud céadhna. Dubhairt siad le chéile go mba cheart dhóibh a bheith ag síubhal no go bhfuigheadh siad é. Tosuigh siad an lá sin ag imteacht rómpa gan fhios acú cá raibh siad ag dul. Nuair a bhí an fear bocht dá lá ag siúbhal connuic sé teach ar leath-taobh an bhóthair. Chuaidh sé isteach ann agus bhí fear agus bean in a suidhe cois na tine. D'éirigh fear an tighe agus chuir sé fáilte roimhe. Fuair sé a suipéar agus d'the sé a dhóithin. Dubhairt fear an tighe leis nach riabh aon áit aige in teach fhéin acht(continues on next page)
- Collector
- Antoine Ó Fhlaithbheartaigh
- Gender
- Male
- Address
- An Aird Mhóir, Co. Galway
- Informant
- Pádhraic Ó Ceannabháin
- Gender
- Male
- Address
- An Aird Mhóir, Co. Galway