School: Árd Mhór
- Location:
- An Aird Mhóir, Co. Galway
- Teacher: Pádhraic Ó Gleasáin
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Árd Mhór
- XML Page 036
- XML “Tomhaiseanna”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Dhá bhó bhuidhe ar thaobh an t-sléibhe ceann san oidhche is ceann sa ló má thagann an dá bhó séo lé chéile ní mhairfaidh aon duine beó.
Freagra. An Ghealach is an Ghrian.
Chaith mé suas comh bán lé cailc é is tháinigh sé anuas chomh buidhe lé ór.
Freagra. Úb
Cím é is ní fheicim é cím i dtor cuilinn é súibhlann sé an bán is an drucht ní bhriseann sé
Freagra. Scáth an duine.
Lán garaidhe de daoine uaisle bhatachaibh dearg is cultachaibh uaithne.
Freagra. Sean gáin
Tobairín fíor uisce i lár an bhaile. Piopaí óir as is ní bhfuigtheá gan airgead é.
Freagra. Poitín
Caipaillín babáilte donn súibhlann sé an domhan is ní fhluichann sé coir tagann sé abhaile is sáitheann sé a srón san neid.
Freagra. Meach.
Fuair mé rud bfurasta dhom fhághail rud nach bhfuair Dia(continues on next page)- Collector
- Brighid Ní Maoilciaráin
- Gender
- Female
- Address
- Caladh Mhaínse, Co. Galway