School: Árd Mhór
- Location:
- An Aird Mhóir, Co. Galway
- Teacher: Pádhraic Ó Gleasáin
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Fadó ní bhíodh coineall ar bith le faghail sa tír. Ní bhíodh aon solas aca san oidhche bhídís féin ag deanamh coinnle le bribheanna. Ní bhíodh ola ná solas ar bith aca ach na coinnle a dheinidhís leis na bribheanna. Ar dtús theighidís amach sa ngarraidhe agus bhainidís na bribheanna agus thugaidís isteach iad agus ghlanaidís iad agus sháithidís suas sa seimléar go mbeadh siad cruaidhe. Annsin nuair a cheapaidís go mbeadh siad sáthach cruaidh thugaidís anuas iad agus bhainidís díob an craiceann agus nuair a bhíodh an méid sin deanta aca chuiridís suas san seimléar arist iad. Nuair a bhíodh sé trí no ceithre lá ann thugaidís anuas arist iad agus chuiridís sios pota mór ar an teine agus chaithidís na bribheanna síos ann agus annsin gheobaidís geir caora nó bithidheach agus chaithidís síos sa bpota é annsin thosuighidís dá measgadh thart timcheall. Nuair a bhíodh an pota tamall maith ar an teine thógaidís aníos é agus thógaidís na bribheanna agus an gheir aníos as agus do dheinidís cruinn é agus annsin d’fhágfadh siad annsin é go mbeadh sé fuar agus annsin bheadh sé in na coinnle. Do bhíodh na coinnle seo níos fearr ná na coinnle atá ann anois agus is mó solas a bhíodh ortha ná mar atá ar na coinnle atá ann(continues on next page)
- Collector
- Bríghidh Ní Mhaoilchiaráin
- Gender
- Female
- Address
- Caladh Mhaínse, Co. Galway
- Informant
- Pádraic Ó Mhaoilchiaráin
- Gender
- Male
- Address
- Caladh Mhaínse, Co. Galway