Scoil: Árd Mhór
- Suíomh:
- An Aird Mhóir, Co. Galway
- Múinteoir: Pádhraic Ó Gleasáin
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Árd Mhór
- XML Leathanach 155
- XML “Seanfhocail”
- XML “Seanfhocail”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)agus an cailín. Ní raibh fhios ag an athair a bí a ingin fhéin a bhí ann. Bhíodh an t-athair ag dul ag obair i bhfad ó bhaile agus é seo i n-éindig leis ag déanamh a mhac fhéin de. An lá seo dubhairt an fear leis seo an bóthar a giorradh tosuigh an buachaill ag rith acht dubhairt an fear nach raibh aon mhaith ann tosuigh sé ag siubhal tréan acht dubhairt an t-athair nach raibh aon mhaith do ann. Bhí iongnam air mar gheall ar an rud dubhairt an sgoláire. Nuair a chuaidh an fear óg abhaile dinnis sé dá bhean é. A amadáin deir an bhean a gcuala tú go ngiorruigheann beirt bóthar tosuigh ag innseacht sgeal. Lá ar na bháireach nuair a diarr an fear air an bóthar a giorradh thosuigh sé ag innseacht sgéal.
- 1. Is geal leis an fiac dubh a ghreachac féin.
2. Seachain an greán a gortuigheas creatuir eile.
3. Is minic a bhain duine slat a bhúail é féin.
4. Is minic a thug beal na fuaid rud gho beal na truaigh.
5. Níl bris ar bith i dtír nach feárraidhe duine éigin.
6. Is ar mhaithe leis fein a bhíonns an cat ag crónán.
7. Ní féidr olann do sníomh gan beala.
8. Nior dhún Dia bearna nar oscail sé bearna eile.
9. Níl lá dá faid nach dtagann an tráthnóna.
10. Is giorra cabair De ná an doras.(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Sorcha Ní Ceannabháin
- Seoladh
- An Aird Mhóir, Co. Galway