School: Árd Mhór
- Location:
- An Aird Mhóir, Co. Galway
- Teacher: Pádhraic Ó Gleasáin
![The Schools’ Collection, Volume 0011, Page 090](https://doras.gaois.ie/cbes/CBES_0011%2FCBES_0011_090.jpg?width=1600&quality=85)
Archival Reference
The Schools’ Collection, Volume 0011, Page 090
Image and data © National Folklore Collection, UCD.
See copyright details.
DownloadOpen data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Árd Mhór
- XML Page 090
- XML “Scéal faoi na Dlíthe Pianúla”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
Scéal faoi na Dlíthe Pianúla (continued)
“In aimsear na peindlighte do bhí sagart uair i Maoghrus agus so bhí séipéal aige ann.”
(continued from previous page)D'innis sé do agus d'fhiafruigh sé dó an raibh aon sagart in a chomhnaidhe siar ann agus dubhairt sé go raibh sagart in a chomhnaidhe in aice leis féin. Ba cheann de na saighdiúirí a bhí ag marbhú na sagairt a bhí ann. D'imthigh an saighdiúir leis agus d'innis sé do na saighdiúirí eile céard a chualaidh sé. Ní raibh fhios ag an bhfear an ceann de na saighdiúirí a bhí ann. Ba shin é an t-am a gheobhfadh na saighdiúirí cúig phunt ar chloigeann sagairt. D'imthigh na saighdiúirí leo lá ar na mharach agus ba ghearr nó go dtáinic siad chomh fada le teach an tsagairt. "Tá tú i ngreim" arsa siad leis an sagart. "Táim, arsa an sagart. Bhí siad réidh le é a mharbhú nuair a dubhairt sé gan é a mharbhú go raibh go leor óir agus airgead aige istigh ar oileán agus nach bhféadfadh aon duine é a fhághail nó go bhfágfadh sé féin a láimh air. Is é an t-ainm atá ar an oileán ná Cruadh na Caoile. Tá sé taobh thuaidh de oileán Mhic Dara. Dubhairt an sagart nach raibh sé i bhfad ón áit agus go mba mhaith leis é a thabhairt do dhuine éicint sul a bhfuigheadh sé bás. D'imthigh siad leo annsin iad féin agus an sagart, agus ba ghearr go(continues on next page)- Collector
- Bríghid Ní Cheanndhubháin
- Gender
- Female
- Address
- An Aird Mhóir, Co. Galway
- Informant
- Pádhraig Ó Cheanndhubháin
- Gender
- Male
- Address
- An Aird Mhóir, Co. Galway