School: Árd Mhór
- Location:
- An Aird Mhóir, Co. Galway
- Teacher: Pádhraic Ó Gleasáin
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Árd Mhór
- XML Page 091
- XML “Scéal faoi na Dlíthe Pianúla”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
Scéal faoi na Dlíthe Pianúla (continued)
“In aimsear na peindlighte do bhí sagart uair i Maoghrus agus so bhí séipéal aige ann.”
(continued from previous page)dtáinic siad chomh fada leis an oilean. D'imthigh na saighdiúirí amach as an mbád agus thosuigh siad ag ritheacht féachaint an sort oileán a bhí ann. D'fhág siad an bád le feistiú ag an sagart. Nuair a bhíodar tamalll amach isteach ar an oileán séard a rinne an sagart ná imtheacht leis an mbád agus d'fhág sé na saighdiúirí ar an oileán. Nuair a chonnaic na saighdiúirí é sin do rith siad go dtí an cladach agus do thosuigh siad ag caitheadh piléar leis an sagart. Do chrom an sagart ar thóin an bháid. Nuair a bhí an bád tolta uilig dubhairt na saighdiúirí nach raibh aon mhaith dóibh a bheith ag cainnt. D'imthigh an sagart leis agus ba ghearr gur cailleadh na saighdiúirí, agus na chéad daoine a chuaidh isteach ar an oileán chonnaic siad na saighdiúirí agus chuireadar iad agus is é an t-ainm atá ar an áit ó shoin ná Leac na nGall mar ba as Sasana na saighdiúirí.
Tá Cruadh na Caoile suidhte amach ar aghaidh Maoghras i gCarna.- Collector
- Bríghid Ní Cheanndhubháin
- Gender
- Female
- Address
- An Aird Mhóir, Co. Galway
- Informant
- Pádhraig Ó Cheanndhubháin
- Gender
- Male
- Address
- An Aird Mhóir, Co. Galway