School: Eoghanacht (roll number 12342)
- Location:
- Eoghanacht, Co. Galway
- Teacher: Mícheál Ó Flannagáin
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)uair seo agus sé an cleas é. Dubhairt sé le na bhean nuair bheadh sé in am dinnéir coinín a bhí aca a scaoileadh amach agus leigint uirthe féin burgh é an chaoi a raibh sí dá chur ag glaodhach ar Sheáinín agus thug sé féin coinín eile leis mar bhí a fhios aige go maith nuair scaoilfeadh an bhean an coinín eile amach gurbh é an chaoi a rachadh sé i bpoll eicint dó féin agus bheadh an ceann eile aige féin le tabhairt ar ais leis agus cheapfadh na ceannaidhthe go ndeachaidh sé ag glaodhach air. Tháinic siad isteach agus d'fiafraigh siad cá raibh Seáinín. Dubhairt an bhean go raibh sé ar an ngarraidhe acht go gcuirfead sí teachtaire ag glaodhach air. Nuair a bhí sé in am dinnéir scaoil sí amach an coinín agus badh gheárr go dtáinic Seáinín agus a choinín féin faoin ascail aige. Dar fiadh! Tabhair teachtaire ar sin adeir na ceannaidhthe agus cheannuigh siad uaidh Sheáinín an coinín ar shlam breágh airgid. Ar an bpointe ar shroicheadar an baile chuir duine aca leath chéad punt faoi mhuinéal an choinín le na thabhairt go dtí an bannc acht mo léan. Ní fhaca aoinne aon amharc ar an gcoinín ná ar an airgead ariamh uaidh sin amach. Tháinic an bheirt ceannaidhthe ar ais arís go dtí Seáinín agus gan aon tsúil aige leó agus thugadar leó i mála é le na bháthadh. Nuair a bhíodar ag dul thar teach ósta chuaidh siad isteach ag ól deoch agus d'fhág siad Seáinín sa mála taobh amuigh. Thosuigh Seáinín ag(continues on next page)
- Collector
- Máire Ní Dhioráin
- Gender
- Female
- Address
- Sruthán, Co. Galway
- Informant
- Seáin Uí Thuathail
- Gender
- Male
- Age
- 65
- Address
- Creig an Chéirín, Co. Galway