School: Eoghanacht (roll number 12342)
- Location:
- Eoghanacht, Co. Galway
- Teacher: Mícheál Ó Flannagáin
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Eoghanacht
- XML Page 071
- XML “Triúr Mac an Rí”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)síos trí poll talmhan agus síos le mac an rí 'na dhiaidh. Bhí sé a tuitim leis i bfad go dtí ar deireadh shroich sé talamh agus lean sé 'na dhiaidh a chinn go dtáining sé go dtí teach. Bhí sean-bhean sa teach agus nuair chuir sé a chloigeann faoin doras dubhairt sí "Céad fáilte romhat a mhic mo dhearbhrathair as Éirinn céard a chas annseo thú." D'innis sé dí gur ag tóruigheacht éin a tháinig sé agus d'fiafruigh sé dí a bhféadfhad sí é chur ar an eólas abhaile arís. Dúbhairt sise nach bféadfad acht go gcuirfhead sí madadh beag leis dhá thionnlacan go dtí teach deirbhsíre léi. Bhí siad ag imtheact ar feadh tamaill mhaith agus ar deireadh stop an madaigh ós comhair teac agus chuaidh an mac a b'óige isteac ann. Bhí sean-bhean sa teac agus nuair cuir sé a ceann faoi'n doras dúbhairt sí "Céad míle fáilte rómhat a mhic mo dhearbhráthair as Éirinn; céart a chas annseo thú. D'innis sé dí gur ag tóruigheacht éin a tháinig sé agus d'fiafruig sé dí a bféadfhad sí é a chur ar an eólas abhaile arís. Dúbhairt sí nach raibh aon ghoir aice air acht go raibh deribsúir eile léi in áit elie agus muna mbeadh fhios aice-se é go mbeadh sé sa ríoghact seo go deó. Ar maidin go moch thug an bhean liathróid dhó agus dúbhairt sí leis(continues on next page)
- Collector
- Bríghid Ní Fhlannagáin
- Gender
- Female
- Age
- 13
- Address
- Eoghanacht, Co. Galway
- Informant
- Bríghid de Bhailís
- Gender
- Female
- Age
- 13
- Address
- Sruthán, Co. Galway
- Informant
- Miceál Mac Donnchada
- Gender
- Male
- Age
- 84
- Address
- Sruthán, Co. Galway