School: Eoghanacht (roll number 12342)
- Location:
- Eoghanacht, Co. Galway
- Teacher: Mícheál Ó Flannagáin
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Eoghanacht
- XML Page 072
- XML “Triúr Mac an Rí”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)an liathróid a leanact agus an áit a stopfhad an liathróid gur b'sin é teach a deirbhsíre. Bhí sé ag imteact agus ar deireadh stop an liathróid ar aghaidh tighe agus chuaidh an fear isteac ann. Bhí sean-bhean istig ann agus í ag réidhteac a gruaige agus d'eirigh sí de léim agus dúbhairt sí "Céad míle fáilte rómhat a mhic mo dhearbhráthair as Éirinn; céart a chas annseo thú." Dúbhairt sé gur ag toruigheacht éin a tháinig agus d'fiafruigh sé dí a bféadfhad sí é a chur ar an eólas abhaile. "Anois ar maidin i mbáireac gabhfaidh tú amac sa stáblá agus craithfidh tú an t'srian agus an céad capall a thiocfas go dtí thú tabhair leat í sin. Nuair d'eirigh sé ar maidin d'ith sé a bhricfeast agus chuaidh sé amac sa stábla agus chraith sé an t'srian agus an chéad capall a tháinig go dtí é bhí an capall badh mheasa sa stábla í. Ní raibh meas ar bith aige uirthe agus chuaidh sé isteach go dtí an t'sean bhean agus dúbhairt sé "Dá mbeadh fhios agam go mbsin í an capall tiocfhad go dtí mé ní racainn amac dhor ar bith". "Ná bac leis sin" adeir si. "Sin í an capall is fearr sa stábla". Chuaidh an mac amac arís agus chraith sé an t'srian agus badh í an capall céadhna a tháining aige agus is ar éigin a thug sé leis í. Chuaidh sé isteach go(continues on next page)
- Collector
- Bríghid Ní Fhlannagáin
- Gender
- Female
- Age
- 13
- Address
- Eoghanacht, Co. Galway
- Informant
- Bríghid de Bhailís
- Gender
- Female
- Age
- 13
- Address
- Sruthán, Co. Galway
- Informant
- Miceál Mac Donnchada
- Gender
- Male
- Age
- 84
- Address
- Sruthán, Co. Galway