School: An Clochar, B'l'Áthan Ríogh
- Location:
- Athenry, Co. Galway
- Teacher: An tSr. M. Treasa Ní Bhriain
![The Schools’ Collection, Volume 0003, Page 126](https://doras.gaois.ie/cbes/CBES_0003%2FCBES_0003_126.jpg?width=1600&quality=85)
Archival Reference
The Schools’ Collection, Volume 0003, Page 126
Image and data © National Folklore Collection, UCD.
See copyright details.
DownloadOpen data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)agus trian le gaisce acu go maidin. Comh túisce is tháinig and lá, d'éirigh mac an Ri. Chuimil sé bois d'á shúilibh, bois d'á glúnaibh agus bois d'á mallaí agus bhí sé ag dul amach."Cá bhfuil tú ag dul inniú a alta mhic mo dheirfiúra". "Mac Rí faoi geasaí mé" ar seisean. "Cé na geasaí atá ort" arsa an fathach. "Sé na geasaí atá orm ná gan an dara greim d'ithe as aon bháisín, gan an dara blogam a ól as aon chupán, agus gan an dara néall codladh ar aon leaba go n-abróidh tú "go mbeannaí Dia istach annseo tigh shean nduine na féasóige liatha". " "Sin chun nach dtiocfaidh tú" arsa an fathach. "Is Iomaí Mac Rí agus prionsa agus gaisceach agus fathach a cuaigh an bealach sin cheana agus níor tháining siad lena scéal féin, ná le scéal aon duine eile. Fan in éineacht liomsa" arsa an fathach. "Ní thabharfad an dara greim as an báisín dhuit ná an dara blogam as aon chupá a fhaid is a bheidh tú beo. Tabharfad leath mo ríochta dhuit le mo bheo, agus and leath eile le mo mharú". "Is cuma liom, ní racadh mé a codladh go deo faoi gheasaí" arsa Mac an Rí. "Mara bhfuil tú sásta" arsa an fathach, "tabharfaidh mise acaill dubh duit a bhéas seacht gcéad uair níos fearr ná an ceann atá agat". Thug sé amach an capall agaus d'fhiafraigh de Mac Ri an raibh sé in a mharcach maith. "Tá mé" ar seisean. Cuaigh sé ar a dhroim. Rinne sé trian san aer, trian san spéir agus trian san ngealach. "Déanann tú cúis" arsa an fathach.(continues on next page)
- Collector
- Nóra Ní Chadhain
- Gender
- Female
- Age
- 13
- Address
- Athenry, Co. Galway
- Informant
- Brighid Ní Conghailligh
- Gender
- Female
- Address
- Tír an Fhia, Co. Galway