School: An Clochar, B'l'Áthan Ríogh
- Location:
- Athenry, Co. Galway
- Teacher: An tSr. M. Treasa Ní Bhriain
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Bhí feilméar in Éirinn fadó agus ní raibh aige acht aon mac amháin. Ní raibh sé sásta go gcurtaoí an mac seo le céird. Thug sé ar an aonach é agus sé an chéad fear a chas leis ná Gabha na gCleas. Shocruigh sé, leis an mac a thabhairt dhó go ceann lá is bliadhain acht bhain sé gealladh dhe é thabhairt ar ais. Nuair a bhí an lá is bliadhain thuas thug gabha na gcleas ag an fheilmeóiran mac agus bhí aon dhuine dhéag eile in éinfeacht leis. Chuadar ag déanaimh a gcuid cleis nuair a bhí an suipéar thart aca. Dubhairt an feilmeóir gurbh é a mhac fhéin an duine do b'fearr aca. D'iarr an gabha air é leigint leis go ceann lá is bliadhain eile agus go mbéadh sé níos fearr ná é fhéin. Leig sé leis é acht dubhairt sé leis é a thabhairt ar ais arís. Nuair a bhí an lá is bliadhain thuas ní raibh an mac ag tigheacht agus bhí an-imnidhe ar an bhfeilmeóir. D'imthigh sé ag tóraidheacht a mhic. Bhí an domhain ar fad siubhalta aige ag toraidheacht an ghaibh go dtí ar deire go dtáinig sé chómh fada leis an ríoghacht a raibh sé. Bhí sé ag cinnt air a theach a fhágail mar bhí sé faoí draoidheacht. Casadh spealadóir air agus(continues on next page)
- Collector
- Nóra Ní Cadhain
- Gender
- Female
- Age
- 13
- Address
- Athenry, Co. Galway
- Informant
- Bríghid Ní Conghailligh
- Gender
- Female
- Address
- Tír an Fhia, Co. Galway