Scoil: An Clochar, B'l'Áthan Ríogh
- Suíomh:
- Athenry, Co. Galway
- Múinteoir: An tSr. M. Treasa Ní Bhriain
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Bhí fear agus a bhean ag siubhal fán dtuaidh lá. Chonnaic siad dhá ghé istigh i bpáirc. An bhfeicfidh tú an dá éan sin istigh sa bpáirc adeir an bhean. Ní’l ach ghé amháin ann adeir an fear. Ár ndóigh ní dall atá tú ar sise tá dhá ghé annsin os comhair do shúil. Ní’l ach gé amháin ann adeir an fear. Adeirimse go bhfuil dhá éan ann adeir an bhean. Adeirimse nach (go) bhfuil ach ghé amháin ann adeir an fear.
Leanadar mar sin ag áiteamh ar a chéile. Fá dheireadh d’éirigheadar feargach le na chéile. D’iompuigh an bhean le dul abhaile.
Coiscéim eile ní racfadh leat. Cá bhfuil tú ag dul mar sin adeir an fear. Gabh ar ais agus bíodh ciall agat. Nach bhfuil dhá ghé ann ar sise. Ní’l acht gé amháin ann adeir an fear. Tháinig an oiread sin feirge ar an mnaoi gur thuit sí i laige mar d’ eadh agus gur leig sí uirrí go raibh sí marbh
Rith an fear bocht abhaile agus thug sé a h-athair agus a máthair go dtí an áit in a raibh an bhean bocht sinte.
Bhí an t-athair is an máthair tré na chéile.(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Bríghid de Búrca
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- Caherateemore South, Co. Galway